|
Republican Sinn FéinArd Fheis / National Conference2000 |
1. That this Ard-Fheis reaffirms its support for the All-Ireland Republic proclaimed in 1916, established in 1919 and betrayed in 1922 and declares the resolve of Republican Sinn Féin to continue the struggle to end British rule in Ireland regardless of the obstacles being placed in the path of Irish Republicanism.
O’Reilly/McGennity/Watters Cumann, South Armagh
Bearna Uladh, South Armagh
Patrick Parle Cumann, Wexford
Go n-athdhearbhaíonn an Ard-Fheis seo a tacaíocht don Phoblacht uile-Éireann a fógraíodh i 1916, a bunaíodh i 1919, agus a fealladh ar i 1922 agus leanfaidh Sinn Féin Poblachtach leis an choimhlint chun Riail na Breataine a críochnú beag beann ar na constaic atá á cur os comharan Phoblachtachas Éireannach.
Cumann Ó Raghallaigh/Mac Finneachta/Ó Tuairisc, Ard Mhacha Theas
Bearna Uladh, Ard Mhacha Theas
Cumann Pádraig Ó Pearaill
2. That Republican Sinn Féin should at all times emphasise that we are an anti-British Establishment organisation in Ireland, not an anti-Stormont Agreement organisation.
Comhairle Uladh
Go gcuireann Sinn Féin Poblachtach béim ar an fhírinne an t-am ar fad gur eagrais i gcoinne buncóras Shasana in Éirinn muid agus nach eagras frithchomhaontú Stormont muid.
Comhairle Uladh
3. That this Ard-Fheis supports continued resistance to British rule in Ireland.
Comhairle Uladh
Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo leis an cur in aghaidh leanúnach.i gcoinne riail Shasana.
Comhairle Uladh
4. That in the coming year Republican Sinn Féin intensifies its campaign to destabilise British/Stormont rule and be vociferous in presenting our alternatives.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
O’Reilly/McGennity/Watters Cumann, South Armagh
Go mbeidh feachtas níos láidre ag Sinn Féin Poblachtach i gcoinne riail Stormont/Shasana sa bhliain atá romhainn agus go mbeidh muid glórach ag cur an dara rogha os comhair an phobail.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Cumann Ó Raghallaigh/Mac Finneachta/Ó Tuairisc, Ard Mhacha Theas
5. That this Ard-Fheis reasserts that Sinn Féin Poblachtach is not aligned to any political group or groupings which do not share our allegiance to the All-Ireland Republic.
Ard Chomhairle
Go nathdhearbhaíonn an Ard-Fheis nach bhfuil Sinn Féin Poblachtach ceangailte le aon grúpa nó dream polaitíochta nach glacann lenár gcuid dílseacht don bPoblacht Uile-Éireann.
Ard Chomhairle
6. That this Ard-Fheis stands firmly by Republican principles and rejects media claims that Republican Sinn Féin has links with any other political organisations in our national objectives.
Comhairle Laighean
Go seasann an Ard-Fheis seo go daingeann le prionsabail na Poblachta agus go ndiúltaíonn muid líomhainti na meáin go bhfuil ceangail ag Sinn Féin Poblachtach le aon eagrais polaitiúil eile.
Comhairle Laighean
7. That this Ard-Fheis call on the print and broadcast media in Ireland to report the truth and desist from printing lies put out by the press agents of the Establishment, north and south.
Ard Chomhairle
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar na mean idir cló is craolacháin an fhírinne a hinsint gan bréaganna a fhoilsiú atá curtha amach ag preasgníomhairí na mBunaíochta ó thuaidh is ó theas.
Ard Chomhairle
8. That this Ard-Fheis asks the media why they use pro-British slang by calling true Republicans "dissidents"; wording put about by Leinster House and other opponents of Republicanism.
James Connolly/Tommy O'Neill Cumann, Dublin
Go gcuireann an Ard-Fheis seo ceist ar na meáin cén fáth go bhfuil béarlagair Sasana á úsáid acu agus iad ag caint faoi fíor-Phoblachtaigh, mar shampla an focal "easaontóir", téarmaí lucht Teach Laighean agus namhaid na Poblachta.
Cumann Séamus Ó Conghaile/Tomás Ó Néill, Baile Átha Cliath
9. That this Ard-Fheis confront and publicly denounce anyone, anywhere in the world using the name of prisoners supported by CABHAIR or the name of Republican Sinn Féin to raise money for their own ends.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go seasann an Ard-Fheis seo go poiblí i gcoinne aon duine in aon áit ar an domhain, a úsáideann ainmneacha na gcimí atá faoi cúnamh CABHAIR nó ainm Sinn Féin Poblachtach chun airgead a bhailliú ina leas féin.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
10. That any British police force in Ireland be recognised as such.
Ard Chomhairle
Go mbeidh aon fórsa péas na Breataine in Éirinn aitheanta mar sin.
Ard Chomhairle
11. That Republican Sinn Féin continue its campaign to highlight the fact that regardless of name changes the RUC remains a British colonial police force.
Comhairle Uladh
Go leannan Sinn Féin ar aghaidh le súntas a tharaingt ar an fhírinne go bhfuil an RUC fós ina fórsa péas cóilíneacha na Breataine is cuma faoi aon ainm nua.
Comhairle Uladh
12. That this Ard-Fheis campaigns vigorously against any so-called reform of the RUC and states that a change in the colour or the cut of the uniform of any British police force does not make it any less a British force and that this Ard-Fheis calls on the nationalist and Republican people of the Occupied Six Counties to see the Patten Report for what it is.
O’Reilly/McGennity/Watters Cumann, South Armagh
Bearna Uladh
Go n-eagraíonn an Ard-Fheis seo feachtas láidir i gcoinne leasú mar dhea an RUC; go ndearbhaímid nach ndéanann athrú i ndath nó cruth éide fórsa póilíneachta na Breataine athrú dá laghad i mBriotanachas an fhórsa; agus go nglaonn an Ard-Fheis ar phobal Náisiúnach agus Poblachtach na Sé Chontae Tuarascáil Patten a aithint agus a thuiscint i gceart.
Cumann Ó Raghallaigh/Mac Finneachta/Ó Tuairisc, Ard Mhacha Theas
Bearna Uladh
13. That this Ard-Fheis calls for an international public inquiry into British intelligence collusion in the murder of nationalists in the Six Occupied Counties.
North-West Comhairle Ceantair
Go néilíonn an Ard-Fheis seo fiosrucháin poiblí idirnáisiúnta a chur ar siúl faoi comhoibriú faisnéis Shasana i ndúnmharú náisiúnaithe sna Sé Contae.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
14. That this Ard-Fheis welcome the updated edition of ÉIRE NUA and continue to give our support to federal government.
North-West Comhairle Ceantair
Go gcuireann an Ard-Fheis seo fáilte roimh an eagrán úr de ÉIRE NUA agus leanaimis lenár dtacaíocht a thabhairt do rialtos feidearálach.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
15. That this Ard-Fheis promotes Sinn Féin Poblachtach's political, social and economic policies as a clear alternative to the present 'culture' of corruption.
Comhairle Laighean
Go gcuireann an Ard-Fheis chun cinn polasaithe polaitiúil, eacnamaíochta agus sóisialta Sinn Féin Poblachtach maran dara rogha sóileár in áit an ‘cultúr’ breagaireachta faoi láthair.
Comhairle Laighean
16. That this Ard-Fheis notes the failure of the 26-County administration in implementing its own laws against corrupt politicians, businessmen and civil servants.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Tugann an Ard-Fheis seo faoi deara teip don Rialtais na 26 Chontae a dlí féin a chur i bhfeidhm i gcoinne polaiteoirí, fír gnó agus státseirbhísigh truáillí.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
17. That this Ard-Fheis asserts the common bond of oppressed humanity and stands firmly against racism in all its forms.
Ard Chomhairle
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go seasann an Ard-Fheis seo go hiomlán i gcoinne cíníochas agus dearbhaíonn muid an ceangal coiteann an cine daona faoi ansmacht.
Ard Chomhairle
Comhairle Ceantair Átha Cliath
18. That this Ard-Fheis opposes racism and arguments that provide a cover for racism.
James Connolly/Tommy O'Neill Cumann, Dublin
Go bhfuil an Ard-Fheis seo i gcoinne ciníochas agus aon argóintí a dtugann leithscéal don ciníochas.
Cumann Séamus Ó Conghaile/Tomás Ó Néill, Baile Átha Cliath
19. That this Ard-Fheis deplores the growth of racism in Ireland.
Comhairle Laighean
Go gcáineann an Ard-Fheis seo meadú cíníochas in Éirinn.
Comhairle Laighean
20. That this Ard-Fheis calls for more tolerance to be shown to ethnic minorities in our country, including the Travelling community, refugees and people of different colour and race.
James Connolly Cumann, Ennis, Co Clare
Go nglaonn an Ard-Fheis seo fulaingt ar leith a thaispeáint do mionlaigh eitneach in ár dtír is cuma faoin dath nó cine, an lucht siúl ina measc.
Cumann Séamus Ó Conghaile, Inis, Co an Chlár
21. That this Ard-Fheis calls on the GAA to uphold Rule 21 and reject all attempts to make it a ‘recruiting sergeant’ for British Crown Forces in Ireland.
Kildare Comhairle Ceantair
Go nglaíonn an Ard-Fheis ar Cumann Lúthchleas Ghael Rial 21 a chumhdach agus chuile iarrachtaí a dhiúltiú chun "gníomhaire earcaíochta" i serbhís Fórsaí Chóróin na Breataine a dhéanamh as.
Comhairle Ceantair Cill Dara
22. That this Ard-Fheis instructs the incoming Ard Chomhairle to conduct a very active "spoil votes" campaign in the upcoming Six-County local elections.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle feachtas "vótaí a loiteadh" ángníomhach a chur ar súil sna toghcháin áitiúla atá romhainn sna Sé Contae.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
23. That Republican Sinn Féin undertake a campaign to end the situation of having to sign political test oaths to contest local elections in the Occupied Six Counties.
Comhairle na Mumhan
Go mbeidh feachtas ag Sinn Féin Poblachtach chun deireadh a chur le mionnaí promhadh polaitíochta a shíniú i dtoghacháin áitiúla sna Sé Condae Fhorgabhálta.
Comhairle na Mumhan
24. That this Ard-Fheis instructs all areas to furnish their list of possible candidates for the next local elections to the Ard Chomhairle before the end of July, 2001.
Comhairle na Mumhan
Go dtugann an Ard-Fheis seo fotáireamh do gach limistéar liosta iarrathóirí don toghacháin áitiúla a thabhairt don Ard Chomhairle roimh deireadh Iúil 200i.
Comhairle na Mumhan
25. That in all future local election campaigns Republican Sinn Féin have as a policy that no planning permission for the erection of houses will be granted unless the proposed names of these housing estates be approved by the elected councillors. These estate and street names must have cultural and/or historical signifance to the area where they are to be situated.
Cumann Brugha/Sabhat, Limerick
In aon feachtas toghcháin áitiúla, go mbeidh sé mar polasaí ag Sinn Féin Poblachtach ceadúnais pleanála a dhúiltiú chun tithe a thógáil muna bhfuil ainmneacha dúchasacha ar na heastáit tithíochta.
Cumann Brugha/Sabhat, Luimneach
26. That this Ard-Fheis look into the possibility of fielding a 'spoiler' candidate, on an abstentionist basis, in each and every constituency in the Free State.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go ndéanann an Ard-Fheis seo scrudú ar na féidireachtaí "milliarrthóirí" ar bunadh staonadh a chur suas i ngach dáilcheantar sa Saorstát.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
27. That this Ard-Fheis congratulates those trade unions and general membership who opposed the most recent 26-County wage agreement and affirms that their stance has been vindicated.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go ndéanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas leis na ceardchumainn agus baill ginearálta a bhí i gcoinne an comhaontú pá is deireannaí sna 26 Contae agus deimhníonn muid go raibh said ceart.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
28. That this Ard-Fheis affirms that in the future All-Ireland Republic it will be mandatory for employers to negotiate with trade unions.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go dtugann an Ard-Fheis seo geallúint san Poblacht Uile-Éireann amach anseo go mbeidh sé sainordaitheach do fostóirí pléigh le ceardchumann.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
29. That this Ard-Fheis demands an end to the draconian Industrial Relations Act of 1990.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go nglaonn an Ard-Fheis seo deireadh a chur leis an Acht Caidreamh Tionsclaíocht 1990.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
30. That Republican Sinn Féin nationally and locally support or initiate campaigns against service charges and other forms of hardship imposed on our communities.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go dtugann an Ard-Fheis seo tacaíocht áitiúla agus náisiúnta do feachtais i gcoinne taillí seirbhísí agus aon anró eile atá á gearradh ar na comhphobail.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
31. That the incoming Ard Chomhairle draft a comprehensive housing policy to cater for private, local authority and rented accommodation.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go dréachtaíonn an Ard-Fheis seo polasaithe tiothaíochta cuimsitheach chun soláthar do lóistín príomháideach, na húdaráis áitiúla agus dona cíosaithe.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
32. That this Ard-Fheis condemns the deliberate local government policies of the Dublin administration of not providing adequate housing for working-class people and single parents, allowing the private sector to speculate and exploit them.
James Connolly Cumann, Ennis, Co Clare
Go gcáineann an Ard-Fheis seo polasaithe údaráis áitiúl a lucht rialtos Átha Cliath gan tithíocht réasúnta a chur ar fáil don lucht oibre is tuismitheoirí aonair, ag ligint dona amhantraithe teacht i dtír orthu.
Cumann Séamus Ó Conghaile, Inis, Co an Chlár
33. That this Ard-Fheis reiterate our belief that everyone is entitled to a house and that the Ballymun Project should be extended countrywide.
North-West Comhairle Ceantair
Go nathluann an Ard-Fheis seo go bhfuil gach duine i dteideal teach agus ba cheart scéim Baile Munna a leathnú ar fud na tíre.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
34. That this Ard-Fheis recognises that homelessness is mainly caused, not by poverty on its own, but also by lack of treatment for mental illness and substance abuse.
James Connolly/Tommy O'Neill Cumann, Dublin
Go bhfuil sé soiléir don Ard-Fheis seo nach bochtanas amháin atá ba chúis le díthreabhacht ach easpa cóir leagheas do meoinghalor agus mí-úsáid substaintí.
Cumann Séamus Ó Conghaile/Tomás Ó Néill, Baile Átha Cliath
35. That Sinn Féin Poblachtach campaign for on-campus accommodation for Third Level students, prioritising first year students.
Fitzgerald/O'Reilly Cumann, Waterford
Go gcuireann an Ard-Fheis seo feachtas ar siúl ar son daltaí tríú leibhéil, go háirithe daltaí céad bliana, áit chónaithe a fháil ar an gcampas.
Cumann Mac Gearailt/ Ó Raghallaigh, Port Láirge
36. That this Ard-Fheis deplores the absence of any provision in the 26-County "National" Development Plan for the provision of a major North-South motorway in Connacht or the re-opening of the Sligo- Ennis railway line.
Comhairle Ceantair Roscomáin
Go gcáineann an Ard-Fheis seo easpa soláthar mór-bhóthar Thuaidh-Theas do Chúige Chonnacht san bPlean Forbartha do na 26 Chontae agus easpa rúin chun an iarnród ó Shligeach go hInis, Co an Cláir a ath-oscailt.
Comhairle Ceantair Roscomáin
37. That this Ard-Fheis opposes the plans to build municipal solid waste incinerators in Ireland on the grounds that they are unsuitable and represent a danger to health, the environment and agricultural produce.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
Go dtagann an Ard-Fheis seo seasamh in aghaidh na pleananna le loisceoirí dramhaoile a thógáil in Éirinn, toisc nach féidir leo maireachtáil bhfad-téarma agus go gcruthaíonn siad contúirt do shláinte, don timpeallacht agus do tháirgé feirme.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
38. That this Ard-Fheis recommend a policy of dealing with waste based on minimisation, reduction, re- use and recycling , with maximum use of composting of organic waste, with the ultimate aim of zero- waste over the next 10-15 years.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
Go dtacaíonn an Ard-Fheis seo le polasaí bhainistiú dramhaoile bunaithe ar ísliú, ath-úsáid agus ath- chúrsáil, leis an méid muiríní is féidir a úsáid, leis an aidhm fad-téarmach de ‘neamh-dhramhaoil’ a bhaint amach.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
39. That Údarás na Gaeltachta’s powers be increased to include all economic, infrastructural, social and cultural activities in the Gaeltacht, including agriculture, fisheries, provision of roads, communications, water and waste services to all communities in the Gaeltacht.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
Go méadófaí cumhachtaí Údarás na Gaeltactta ionas go mbeidh sé de chúram ar an Údarás deileáil le gach gné eacnamúil, infrastrúchtúrtha, sóisiálta agus cultúrtha de shaol na Gaeltachta, san áireamh bheadh talmhaíocht, iascaireacht, bóithre, cumarsáid, uisce agus seirbhísí dramhaoile.
Cumann An tAthar Ó Gríófa, Gaillimh
40. That this Ard-Fheis demands that natural gas and any other resources of the Corrib field off Co Mayo be allocated justly and evenly with a first preference for the underdeveloped province of Connacht and Co Donegal.
Comhairle Chúíge Chonnacht
Go n-éilíonn an Ard-Fheis seo go ndéanfar an gas nadúrtha agus aon acmhainn nadúrtha eile as ceantair na Coiribe amach ó chósta Mhuigheó a dháileadh go cóir agus go mbeadh fiú amháin an chéad rogha ag dul do chúige gan forbairt cheart – Cúige Chonnacht agus Cho Dhún na nGall.
Comhairle Chúíge Chonnacht
41. That this Ard-Fheis calls for a sworn public inquiry into the shooting of John Carthy.
Carroll/O'Donovan Cumann, Dublin
Go néilíónn an Ard-Fheis seo fiosriúchán faoi mhionn ar dúnmharú Seán Mac Cárthaigh.
Cumann Ó Cearúil/Ó Donaibheán, BÁC
42. That Sinn Féin Poblachtach is opposed to the present attempt by Stormont to extend the English 1967 Abortion Act to the Six Counties.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go bhfuil Sinn Féin Poblachtach in aghaidh iarratas Stormont Achta um ginmhilleadh Shasana a chur i bhfeidhm sna Sé Contae.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
43. That this Ard-Fheis instruct all Cumann/Comhairlí Ceantair/Comhairlí Chúige to launch a campaign of support for the prisoners in Maghaberry prison who are again engaged in a struggle for political status and that this campaign be undertaken immediately to ensure that the prisoners are not forced to endanger themselves in their continuing struggle.
Comhairle na Mumhan
Cumann Brugha/Sabhat, Limerick
Go nglacann an Ard-Fheis seo ar an dualgas atá ar gach chuid de Sinn Féin Poblachtach feachtas a láinseál ar son na gcimí i Maghaberry atá ag troid ar son stadas polaitíochta arís. Agus go bhfuil sé riachtanach an feachtas a chur i bhfeidhm anois ar eagla sláinte na gcimí sa coimhlint a bheith i gcuntúirt.
Comhairle na Mumhan
Cumann Brugha-Sabhat, Luimneach
44. That this Ard-Fheis sends solidarity greetings to Republican prisoners in Portlaoise and Maghaberry prisons and pledges to continue to campaign for political status for Tommy Crossan and his comrades in Maghaberry prison.
Ard Chomhairle
Cumann Seán Sabhat, Omagh, Co Tyrone
Kerry Comhairle Ceantair
Comhairle Laighean
O’Reilly/McGennity/Watters Cumann, South Armagh
Go seolann an Ard-Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtíochta dosna gcimí i gCarcair Portlaoise is Maghaberry agus go mbeidh mar gealltanas againn feachtas ar son stádas polaitiúil do Thomás Mac an Chrosáin is a chomrádaithe i Maghaberry.
Ard Chomhairle
Cumann Seán Sabhat, An Omaigh, Co Tír Eogain
Comhairle Laighean
Comhairle Laighean
Cumann Ó Raghallaigh/Mac Finneachta/Ó Tuairisc, Ard Mhacha Theas
45. That this Ard-Fheis supports the demand for political status for all political prisoners.
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Go dtugann an Ard-Fheis seo tacaíocht don éileamh ar son stádas polaitiúil do gach cime polaitiúil.
Cumann Pádraig Cannon, Rath Éanaigh, BÁC
46. That this Ard-Fheis broaden the campaign for political status from national to international level.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go méadaíonn an Ard-Fheis seo an feachtas ar son stádas polaitiúil ó leibhéal náisiúnta go leibhéal idirnáisiúnta.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
47. That this Ard-Fheis salutes Tommy Crossan for his continuing struggle for political status for Republican prisoners in Maghaberry prison.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go beanainn an Ard-Fheis seo Tomás Mac an Chrosáin as ucht a throid leanúnach ar son stádas polaitiúil dosna gcimí Poblachtach i gcarcair Maghaberry.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
48. That this Ard-Fheis sends solidarity greetings to all Republican prisoners who stand by the fight for the All-Ireland Republic.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Quinn/McAlinden Cumann, Camloch, South Armagh
Go seolann an Ard-Fheis seo beannachtaí dlúthpháirtiochta do gach Poblachtánach a sheasann le haghaidh an Poblacht Uile-Éireann.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Cumann Pádraig Cannon, Ráth Éanaigh, BÁC
Cumann Ó Cuinn /Mac Giolla Fhiondáin, Camloch, Ard Mhacha Theas
49. That this Ard-Fheis welcomes home the recently released political prisoners, Martin McGrath, Seán Moore, Robbie McGilloway and Josephine Hayden.
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Comhairle na Mumhan
Kildare Comhairle Ceantair
Go gcuireann an Ard-Fheis seo fáilte abhaile roimh na gcimí polaitiúil a scaoileadh saor le déanaí, Máirtín Mac Craith, Seán Ó Mórdha, Roibeárd Mac Giolla Buí agus Seosamhín Uí Éideáin.
Cumann Pádraig Cannon, Rath Éanaigh, BÁC
Comhairle na Mumhan
Comhairle Ceantair Cill Dara
50. That this Ard-Fheis calls on the Provisionals, ie Gerry Adams and Martin McGuinness, and the SDLP to clarify their position on the British government's criminalisation policy of Republican prisoners as a hidden agenda of the Stormont Agreement.
James Connolly/Tommy O'Neill Cumann, Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar na Sealadaigh, mar shampla Gerry Adams agus Martin McGuinness agus ar an SDLP a dtuairimí a shoiléiriú faoi polasaí rialtas na Breataine stádas coiriúil a chur ar priosúnaigh Poblachtach mar chuid de clár oibre rúnda an Chomaontú Stormont.
Cumann Séamus Ó Conghaile/Tomás Ó Néill, Baile Átha Cliath
51. That this Ard-Fheis identifies the organisational priorities for the coming year. These might be divided into two categories: (a) annual events, ie Easter, the Testimonial Dinner, Bodenstown, Bundoran, Feis na Poblachta, Edentubber, the Ard-Fheis, Prisoners' Month; and (b) political campaigns, ie, political status campaign, Brits Out campaign to include policing in the Six Counties as a priority, ÉIRE NUA, local elections, north and south, neutrality, European integration etc.
Ard Chomhairle
O’Reilly/McGennity/Watters Cumann, South Armagh
Go naithníonn an Ard-Fheis seo príomhaidhm na heagraise don athbhlian. Mar shampla, (a) imeachtaí bliantiúil, ie an Cásc, Baile Uí Bhúadáin, Dinnéar CABHAIR,srl; agus (b) feachtais polaitiúl, ie feachtas um stadas polaitiúil, Sasanaigh amach agus péas cóilineach sna Sé Contae go háiraithe, ÉIRE NUA, toghcháin áitiúla, an neodracht, comhtháthú na hEorpa srl.
Ard Chomhairle
Cumann Ó Raghallaigh/Mac Finneachta/Ó Tuairisc, Ard Mhacha Theas
52. That this Ard-Fheis instructs the incoming Ard-Chomhairle to (a) implement a campaign of street politics; (b) that this campaign be initially titled 'Let in the Light' and that it have An Claoímh Solais as its symbol; and (c) that a directorate be established by An Ard Chomhairle to focus and streamline the campaign.
Ard Chomhairle
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua-tofa (a) feachtas polaitíocht sráide, a chur ar siúl; (b) go mbeidh 'Lig isteach an Solas' mar teideal air agus an Claíomh Solais mar siombail aige; agus (c) go mbeidh coiste treorach bunaithe ag an Ard Chomhairle chun smacht agus cruinnis a chur ar an bhfeachtas.
Ard Chomhairle
53. That this Ard-Fheis calls on the organisation to re-enter street politics with vigour.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Comhairle Laighean
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an eagraíocht dul isteach i polaitaíocht na sraide le brí.
Ard Chomhairle
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Comhairle Laighean
54. That discipline be tightened up at all levels in our organisation.
Ard Chomhairle
Go mbeidh smacht níos déine san eagras ar gach leibhéal.
Ard Chomhairle
55. That this Ard-Fheis instruct the incoming Ard Chomhairle to set about a root-and-branch investigation of the organisation.
North-West Comhairle Ceantair
Go mbeidh fiosrú críochnúil curtha ar bun ag an Ard Chomhairle nua-tofa ar gach uile leibhéal den eagras.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
56. That this Ard-Fheis instruct the incoming Ard Chomhairle to appoint regional development officers to oversee the progress of the organisation.
Carroll/O'Donovan Cumann., Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua tofa oifigigh forbatha réigiúnta a cheapadh chun dul chun cinn na heagraise a fheighil.
Cumann Ó Cearúil/Ó Donaibheán, BÁC
57. That this Ard-Fheis calls for the implementation of a 10-year development programme covering organisation, finance, publicity, education and elections. This programme to be reviewed regularly at special delegate conferences.
Carroll/O'Donovan Cumann., Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo chun clár forbaithe 10 mbliana a chur i bhfeidhm ag clúdach cúrsaí airgeadais, eagraise, poiblíocht, oideachas agus toghcháin. Go mbeidh an clár seo faoi scrúdú go rialta ag comhdhálacha toscairí náisiúnta.
Cumann Ó Cearúil/Ó Donaibheán, BÁC
58. That this Ard-Fheis reiterates the call to all Republicans to commit themselves to paying off the debt on the Belfast office and the remainder of Head Office debts.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar gach uile Poblachtánach gach iarracht a dhéanamh chun na fiacha a íoc ar oifig Bhéal Feirste agus an t-Ard-Oifig.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Cumann Pádraig Cannon, Ráth Éanaigh, BÁC
59. That the membership fee be increased to £15 for waged and £7.50 for unwaged members.
Comhairle Laighean
Go mbeidh an táille baill árdaithe go dtí £15 le haghaidh daoine atá fostaithe agus £7.50 le haghaidh daoine dífhostaithe.
Comhairle Laighean
60. That this Ard-Fheis instruct the incoming Ard Chomhairle to ensure that when new cumainn are set up officers’ names and contact addresses etc be forwarded for publication in SAOIRSE.
Cumann Brugha/Sabhat, Limerick
Go nordaíonn an Ard-Fheis seo don Ard Chomhairle nua a chinnfiú go mbeidh ainmneacha is seoltaí na hoifigigh srl d’aon cumann nuabhunaithe foilsithe i SAOIRSE.
Cumann Brugha/Sabhat, Luimneach
61. That all Cumainn furnish an annual report of general cumann activities to An Ard Chomhairle.
Ard Chomhairle
Go soláithríonn chuile cumainn tuairisc bliantiúil don Ard Chomhairle ar gnáthgníomhachtaí na gcumann.
Ard Chomhairle
62. That this Ard-Fheis instructs the incoming Ard Chomhairle to establish a central committee to co-ordinate regional committees for the commemoration of the 20th Anniversary of the H-Block hunger strikers and to highlight the campaign for political status.
Comhairle Laighean
Go mbeidh coiste lárnach bunaithe ag an Ard Chomhairle chun coistí réigiúnda a chomordú le haghaidh cuimhneacháin 20 blian na stailc ocrais H-Bloc agus chun suntas a tharraingt aran feachtas ar son stádas polaitiúil atá anlois ann.
Comhairle Laighean
63. That Sinn Féin Poblachtach commemorate the 20th anniversary of the 1981 hunger strike by holding rallies, lectures, graveside tours and social functions.
Fitzgerald/O'Reilly Cumann, Waterford
Go ndéanann Sinn Féin Pohlachtach comóradh 20 bliana ar na stailc ocrais ag tionól ranganna, slógaí, turasanna uaigheanna agus ocáid sóisialta.
Cumann Mac Gearailt/ Ó Raghallaigh, Port Lairge
64. That this Ard-Fheis instructs all members of Sinn Féin Poblachtach to attend the 20th anniversary Bundoran H-Block hunger strike commemoration on August 26, 2001.
Cumann Seán Costello/Martin Hurson, Westmeath
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar chuile ball de Sinn Féin Poblachtach freastal ar cuimhneacháin 20 blian na stailc ocrais H Bloc i mBun Dóbhráin ar 26 Lúnasa 2001.
Cumann Seán Coisteala/Máirtín de Hursúin, Co Iar Mhí
65. That this Ard-Fheis instruct the organisation at all levels to honour the 20th Anniversary of the H- Blocks hunger strike in the most appropriate manner.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar gach léibhéal den eagraíocht ónóir mar is ceart a dhéanamh ar cuimhneacháin 20 bliana na Stailc Ocrais 1981.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
66. That (a) members of Sinn Féin Poblachtach initiate and become involved in events such as the Christmas Swim, concerts etc to raise funds for the POWs; and (b) that each member promise to provide at least £10 from such events, ie through sponsorship forms for the Christmas Swim.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go bhfuil sé de dhualgas ar na baill imeachtaí a eagrú, ceoilchoirm, snámh Nollag mar shampla chun airgead a bhailliú ar son na gcimí; agus (b) go mbeidh gealltanas deich púnt ar a laghad ó gach ball ag teastáil ó cartaí urraíocht srl.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
67. That this Ard-Fheis salutes and pays tribute to our Patron George Harrison, New York for his long- standing support and for his valiant work in spreading the gospel of Irish Republicanism.
Ard Chomhairle
Go dtugann an Ard-Fheis seo beannachtaí agus ómos dár bPátrún Seoirse Ó hEachraí, Nua Eabhrach as a chuid tacaíocht fad seasamhach agus an obair cróga atá déanta aige, deáscéal Poblachtachais na nGael a scaipeadh.
Ard Chomhairle
68. That this Ard-Fheis congratulate the Ard Chomhairle on their principled leadership throughout the year.
Comhairle Ceantair England, Scotland and Wales
Go ndéanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas leis an Ard Chomhairle ar a ceannasaíocht príonsábálta i mbliana..
Comhairle Ceantair Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige
69. That this Ard-Fheis congratulate the Ard-Chomhairle on the successful opening and support received for the Belfast office of Sinn Féin Poblachtach.
Comhairle Ceantair England, Scotland agus Wales
Go ndéanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas leis an Ard Chomhairle ar oscailt rathúil agus tacaíocht a fuarthas i gcónaí ó Oifig Bhéal Feirste, Sinn Féin Poblachtach.
Comhairle Ceantair Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige
70. That this Ard-Fheis instruct the incoming Ard Chomhairle to follow up on Resolution 58 (1999) (organisation) re the interment of those who died for Ireland and are still buried behind prison walls.
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua-tofa leanúint a dheanamh ar Rún 58 (eagras) faoi adhlacadh na daoine a fuair bás ar son na hÉireann agus atá fós faoin bhfóid taobh thiar de ballaí príosún..
Cumann Pádraig Cannon, Rath Éanaigh, BÁC
71. That this Ard-Fheis instructs the incoming Ard Chomhairle to ensure that those who speak on Republican Sinn Féin platforms are members of Republican Sinn Féin and if they are not it should be clearly stated that they are "invited guests".
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go gcinntíonn an Ard Chomhairle nua tofa go mbeidh gach cainteoir ar ardán Sinn Féin ina bhall den eagraíocht agus muna bhfuil sé/sí go mbeidh sé ráite gur aoicainteoir é/í.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
72. That this Ard-Fheis instruct those concerned to update the Republican Sinn Féin website to include all policy documents, more party history, ÉIRE NUA and more on the political status campaign with the view to make it more appealing to internet users.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go mbeidh nuachóiriú curtha ar ionad ghréasán Sinn Féin Poblachtach chun ÉIRE NUA is na doiciméad pholasaí, tuilleadh stair na heagraise agus feachtais ar san stádas polaitiúil a chur san áireamh, chun é a bheith níos spéisiúl do tomhaltóirí na hidirlíne.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
73. That this Ard-Fheis salutes the hurlers of Kilkenny and the footballers of Kerry on winning their respective championship.
Kildare Comhairle Ceantair
Go mbeannaíonn an Ard-Fheis seo iománaithe Cill Choinnigh agus peileadóirí Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana.
Comhairle Ceantair Cill Dara
74. That the political education of our members, and especially new members, be intensified during the coming year and that the educational booklets already issued by our Education Department be utilised in such activities; and that attendance at Education Seminars be mandatory.
Ard Chomhairle
Go mbeidh dícheal is breise déanta againn sa bhlian atá rómhainn oideachas polaitiúil a thabhairt dosna mbaill go mór mór na baill nua agus go mbeidh na leabhráin atá ar na éisiúnt ag ár Roinn Oideachais in úsáid sna himeachtaí sin agus go mbeidh sé sainordaitheach freastal ar seimineáir oideachais.
Ard Chomhairle
75. That this Ard-Fheis commends the work done during the year by the Education Department and accepts as policy the documents printed by the department.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go molann an Ard-Fheis seo an obair atá déanta ag an Roinn Oideachais i mbliana agus glacaimís mar polasaí na leabhrán atá clóite ag an Roinn.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
76. That this Ard-Fheis calls on the incoming Ard Chomhairle to continue the series of national education seminars throughout the 32 Counties for the general public on Republican Sinn Féin aims and principles.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua tofa leanúint leis na seimineár oideachais naisiúnta tríd na 32 Contae, le haghaidh an phobal ginearálta ar aidhmeanna agus prionsabail Sinn Féin Poblachtach.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Cumann Pádraig Cannon, Rath Éanaigh, BÁC
77. That this Ard-Fheis instruct the incoming Ard-Chomhairle to draw up an educational programme to train established members to explain the organisation's aims and policies to new members.
McKelvey/Steele Cumann, Belfast, Co Antrim
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an Ard Chomhairle nua tofa clár oideachais a chur ar siúl chun oilliúnt a thabhairt do baill fad seasamhach chun cuspóir is polaisaithe na heagraise a mhíniú do baill nua.
Cumann Ó Crualaoich-Mac Giolla Bhuí, Béal Feirste
78. That all probationary members of Republican Sinn Féin be given a good knowledge on the principles and doctrine of the organisation; they should also be required to give reasons as to why they want to join Republican Sinn Féin.
Willie Stewart Cumann, Dundalk, Co Louth
Go mbeidh eolas maith tugaithe do gach ballnua san eagraíocht ar prionsabail agus fealsúnacht na heagraise; ba cheart go mbeidh freagraí acu chomh maith cén fáth gur mhaith leo bheith ina mball de Sinn Féin.
Cumann Liam Ó Siobárd, Dún Dealgan, Co Lú
79. That more time be afforded to the education of the youth in the principles of true Republicanism, and that they are shown the lies of ex-Republicans and constitutional nationalists which are used to appease them and absorb them into the British system.
Willie Stewart Cumann, Dundalk, Co Louth
Go mbeidh oideachas ar leith ar fáil don lucht óige ar prionsabail an fíor Phoblachtais, agus go mbeadh bréaganna iar-Phoblachaigh is náisiúntóirí bunreachtúla nochtaithe daoibh mar iarracht, iad a tharraingt isteach i gcóras na Breataine.
Cumann Liam Ó Siobárd, Dún Dealgan, Co Lú
80. That this Ard-Fheis instructs all branches of Republican Sinn Féin to adhere to the correct Irish language titles and terminology within meetings of the organisation.
Ard Chomhairle
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Comhairle Laighean
Go nordaíonn an Ard-Fheis seo do gach cumann cloí leis na teidil Gaeilge agus téarmaíocht ceart i rith cruinnithe den eagraíocht.
Ard Chomhairle
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Comhairle Laighean
81. That this Ard-Fheis instruct all members that at the beginning of any meeting of any branch of the organisation, all members present should be reminded to observe strict confidentiality concerning any matter discussed or decided at such meetings.
Patrick Cannon Cumann, Raheny, Dublin
Go meabhraíonn an Ard-Fheis seo in iúl do gach ball na heagraise go bhfuil sé mar cód againn agus go mearbhaíonn muid dosna baill ar tús gach cruinniú na heagraise aon rud atá le plé nó socraithe ag na gcruinnithe siúd a coiméad faoi rún.
Cumann Pádraig Cannon, Ráth Éanaigh, BÁC
82. That all members of Republican Sinn Féin be continually reminded of the importance of security within the organisation and to be alert as to what is happening by way of searches and harassment by forces north and south of the Border.
Willie Stewart Cumann, Dundalk, Co Louth
Go meabhraíonn muid do gach ball de Sinn Féin Poblachtach an t-am ar fad tábhacht slándála taobh istigh den eagras agus go mbeidh aire orthu faoi imeachtaí fórsaí namhaid.
Cumann Liam Ó Siobárd, Dún Dealgan, Co Lú
83. That this Ard-Fheis instruct speakers at public meetings to restrict their speeches to no longer than 20 minutes.
North-West Comhairle Ceantair
Go mbeidh sé ráite ag an Ard-Fheis seo nach mbeidh níos mó ná fiche nóiméad ag cainteoirí i gcruinnithe poiblí.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
84. That this Ard-Fheis suggest that an editorial staff be set up for SAOIRSE.
North-West Comhairle Ceantair
Go molann an Ard-Fheis seo foireann eagarthóireachta a bhunú i gcomhair SAOIRSE.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
85. That this Ard-Fheis proposes that in future editions of SAOIRSE criticism of pro-British, pro- Partition political parties be levelled at all parties and not just Provisional Sinn Féin.
McNeela/Gaughan/Stagg Cumann, Co Mayo
Go molann an Ard-Fheis seo go mbeidh pártaí polaitíula chríochdheighiltach lochtaithe i ngach eagrán de SAOIRSE sa todhchaí agus ní hamhaín na Sealadaigh.
Cumann Mac Conghaola/Gaughán/Stagg, Co Mhuigheo
86. That this Ard-Fheis applauds the resilience of the Cuban people in remaining united in the face of the continuing 40-year US blockade and welcome the belated attempt at easing this injustice.
Ard Chomhairle
Go molann an Ard-Fheis seo spreachadh agus aontais atá fós ag muintir Cúba in aghaidh imshuí 40 bliain na Stáit Aontaithe agus cuirimid fáilte roimh na hiarrachtaí deireanacha chun é a laghdú.
Ard Chomhairle
87. That this Ard-Fheis calls on the US to end its embargo on Cuba and Iraq.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar an US deireadh a chuir leis an longbhac ar Chúba agus an Iaráic.
Comhairle Ceantair Átha Cliath
88. That this Ard-Fheis calls for an end to the sanctions against Cuba and Iraq which in the main lead to the deaths of children from the lack of food and medicine.
North-West Comhairle Ceantair
Go nglaonn an Ard-Fheis seo chun deireadh a chur le imshuí an Cúba is an Iaráic atá ina ciontaí le báis linbh ó easpa bia is leigheas.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
89. That this Ard-Fheis condemns the NATO-backed USA and British murder squads for their continuing bombing of the Iraqi people nine years after the war has ended in that region.
Comhairle na Mumhan
Go gcáineann an Ard-Fheis seo na mbásscuaidaí NATO idir Sasanaigh is Meiriceáinigh atá ag buamáil gan stad muintir na hIaráice naoí bhlian tar éis deireadh an cogadh sa réigiúin.
Comhairle na Mumhan
90. That this Ard-Fheis believes that reform of the United Nations is of more importance than the election of the 26-County State to the UN Security Council as they would not constitute an independent voice.
Ard Chomhairle
Comhairle Laighean
Go gcreideann an Ard-Fheis seo go bhfuil leasú na Náisiún Aontaithe níosfiúntach mar aidhm ná lorg riaracháin Átha Cliath áit díomasach ar an Chomhairle Slandála a fháil.
Ard Chomhairle
Comhairle Laighean
91. That this Ard-Fheis calls on the Burmese authorities to release Aung San Suu Kyi from house arrest and sends solidarity greetings to the Burmese Democracy campaign.
North-West Comhairle Ceantair
Go nglaonn an Ard-Fheis seo ar údaráis Burma Aung San Suu Kyi a scaoileadh saor ó priosúntacht tithe agus cuireann muid beannachtaí dlúthpháirtíochta chuig feachtais um daonlathas Burma.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
92. That this Ard-Fheis congratulates Euskal Herritarrok for pulling out of the Basque regional Government.
North-West Comhairle Ceantair
Go ndéanann an Ard-Fheis seo comhghairdeas le Euskal Herritarrok as ucht a naistarraingt ó rialtas réigiúnach Báscach.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart
93. That this Ard-Fheis condemns the intervention of western powers in Africa and Third World countries.
North-West Comhairle Ceantair
Go gcáineann an Ard-Fheis seo cumhachtaí an iarthair as ucht a gcur isteach i dtíortha an Aifric is an Triú Domhain.
Comhairle Ceantair Iar-Thuaisceart